Lyric provided by www.seekalyric.com |
A stór, a stór, a ghrá A stór, a stór an dtiocfaidh tú? A stór, a stór, a ghrá An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú? Bhí mé lá breá samhraidh I mo sheasamh ar an mhargadh 'S is iomaí fear a dúirt liom "Monuar, gan tú sa bhaile agam." Gheall mo ghrá domsa Cinnte go dtiocfadh sí Ní raibh a culaith déanta Agus sin an rud a choinnigh í Tá an t-uisce ag teacht ón Éirne Is tá an féar ag teacht ó neamh chugainn Tá utha na mba á réabadh ar mhéid Is 'tá de bhainne acu Thart tóin an gharraí, a Mháire Bhfuil an fhidil leat? Aicearra na bprátaí go dtéimid 'Sair an fhidileoir Bhí mise lán den tsaol Is bhí cion amuigh is istigh orm Nach mór a d'athraigh an saol Nuair nach bhfuil cion ag duine ar bith orm? |