Lyric provided by www.seekalyric.com |
Tá mo chleamhnas 'a dhéanamh inniu agus inné 'S ní mó ná go dtaitníonn an bhean udaí liom féin Ach fuígfidh mé mo dhiaidh í, 's rachaidh mé leat féin Síos fána coille craobhaigh 'Mo codladh go h-eadarshuth b'aite liom féin Leabaí luachair a bheith faoi mo thaobh Buideal brandaí a bheith faoi mo cheann 'S mo chailín deas óg 'bheith ar lámh' liom Shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar Shiúil mise Corcaigh 'gus sráideanna Bhaile' Cliath Macasamhail mo chailín ní fhaca mise riamh 'Sí 'n bhean í a d'fhág mo chroí cráite |