|
Lyric provided by www.seekalyric.com |
Amhrán na bhFiann Seo dhibh a cháirde duan óglaigh, Cathréimeach briomhar ceolmhar, ár dtinte cnámh go buacach táid, 'S an spéir go min réaltogach Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo 'S go tiúnmhar glé roimh thíocht do'n ló Fé chiúnas chaomh na hoiche ar seol: Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann Curfá: Sinne Firnna Fáil A tá fé gheall ag éirinn, buion dár slua Thar toinn do ráinig chugainn, Fé mhóid bheith saor. Sean tír ár sinsir feasta Ní fhagfar fé'n tiorán ná fén tráil Anocht a théam sa bhearna bhaoil, Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil Le guna screach fé lámhach na bpiléar Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann. Cois bánta réidhe, ar árdaibh sléibhe, Ba bhuachach ár sinsir romhainn, Ag lámhach go tréan fé'n sár-bhrat séin Tá thuas sa ghaoith go seolta Ba dhúchas riamh d'ár gcine cháidh Gan iompáil siar ó imirt áir, 'S ag siúl mar iad i gcoinne námhad Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann Curfá |